Seachtain na Gaeilge's Avatar

Seachtain na Gaeilge

@snagaeilge

An fhéile Ghaeilge is mó & cuirimid an Ghaeilge chun cinn le linn na bliana. #SnaG26

161
Followers
8
Following
58
Posts
28.11.2024
Joined
Posts Following

Latest posts by Seachtain na Gaeilge @snagaeilge

Post image

Tá Lá na gCiorcal ag teannadh linn agus is féidir libh sonraí na gCiorcal uilig a fheiceáil ar snag.ie/la-na-gciorcal 🤩

Beidh ar a laghad, ciorcal amháin ag tarlú i ngach chontae sa tír! 🎉

Buailigí isteach orthu, bainigí úsáid as bhur gcúpla focal agus déanaigí cairde trí Ghaeilge 💜

#SnaG26

09.03.2026 15:09 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

A Ghaeilge, mo cheol thú! 🎸🎵🎺⁠

An raibh an huirlisí ceoil seo ar eolas agaibh i nGaeilge? 💜⁠

#Gaeilge #SnaG26 #Irish #IrishLanguage

03.03.2026 17:00 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Seachtain na Gaeilge shona daoibh go léir! 🤩🎉

Bainigí sult as an bhféile a chairde 💜⁠

Tá an t-eolas uilig faoin bhféile ar fáil ar snag.ie agus tá liosta na n-imeachtaí ar fáil ar sceal.ie/snag 🤩⁠

#SnaG26 #Gaeilge #AGhaeilgeMoCheolThú #Irish #IrishLanguage #Ireland

02.03.2026 10:12 👍 1 🔁 2 💬 0 📌 0
Post image Post image

Ná déanaigí dearmad go bhfuil póstaeir agus lámhleabhair do #SnaG26 ar fáil le híoslódáil ó snag.ie/lamhleabhar 🤩

Is féidir libh iad a úsáid chun tuilleadh poiblíochta a dhéanamh ar an himeachtaí iontacha atá i mbun agaibh! 💜

#Gaeilge #Irish #IrishLanguage #Ireland #Gael

25.02.2026 16:14 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Nach fíor an seanfhocal seo!? 😆🎵

Bain triail as moladh a thabhairt do dhuine trí Ghaeilge inniu! 💜

#Gaeilge #SnaG26 #Irish #IrishLanguage #Foghlaim #Gael

24.02.2026 17:40 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Tá leath de na contaetha cláraithe anois do Lá na gCiorcal 2026! 🥳

An bhfuil do chontae fhéin le feicéail ar an léarscáil go fóill? Mura bhfuil, cláraigh anois ag snag.ie/la-na-gciorcal 👀

#SnaG26 #Gaeilge #CiorcalComhrá #Irish #Foghlaim #Conversation #IrishLanguage

13.02.2026 10:15 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

🚨 MEABHRÚ 🚨

Ná déanaigí dearmad bhur n-imeachtaí #SnaG26 a chlárú ar sceal.ie faoin Aoine beag seo (13/02) ionas go mbeidh muid in ann iad a chur leis an liosta oifigiúil d'imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2026! 🎉🥳

Téigh go sceal.ie/claraigh-ime... ☑️

10.02.2026 12:36 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Is é téama na féile i mbliana ná 'A Ghaeilge, mo cheol thú!' 🎶💜

An raibh an seanfhocal seo faoin gceol ar eolas agaibh? 🤩

#SnaG26 #Gaeilge #Irish #Seanfhocal #Foghlaim

10.02.2026 11:53 👍 4 🔁 0 💬 1 📌 0
Post image Post image Post image

Seo chugaibh bhur n-ambasadóirí do #SnaG26

Conor Curley ó @fontainesdc.bsky.social agus Róisín Seoighe ó IMLÉ - bheirt cheoltóirí den scoth!

Is é téama na féile i mbliana ná 'A Ghaeilge, mo cheol thú' agus céiliúradh á dhéanamh againn ar an nasc domhain agus buan idir an teanga agus an ceol! 🎵💜⁠

04.02.2026 15:15 👍 1 🔁 2 💬 0 📌 0
Post image

Seoladh na hAmbasadóirí faoi lánseol i gCé an Adhmaid i mBaile Átha Cliath! 🎶💜

Cúpla focal ó Chathaoirleach Sheachtain na Gaeilge, Conchubhair Mac Lochlain, le tús a chur leis an ócáid!

#SnaG26 #Gaeilge #Irish

04.02.2026 12:47 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Beidh muid ag fógairt ambasadóirí na féile amárach! 🤩🥳⁠

Coinnigh súil amach dóibh sna meáin agus ar na hárdáin uilig ach idir an dá linn, tabhair buille faoi thuairim orthu sna tráchtanna - tá leid mhór sa phostáil seo! 👀🎵⁠

#SnaG26 #Gaeilge #Irish #SnaG #Gael

03.02.2026 11:29 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Tá Lá na gCiorcal ag filleadh mar chuid de #SnaG26 ar an 11/03/26! 🎉

Is deis é an lá seo spotsholas a chur ar na ciorcail chomhrá iontacha atá ag feidhmiú in Éirinn agus fud fad an domhain freisin 👏

Cláraigí anois ar snag.ie/la-na-gciorcal ☑️

#Gaeilge #Irish #CiorcalComhrá #LáNagCiorcal

23.01.2026 14:35 👍 2 🔁 1 💬 0 📌 0
Preview
Ardú ar lucht féachana TG4 don chúigiú bliain as a chéile Ba é 2025 an tríú bliain as a chéile ar mheall TG4 níos mó ná 2% den lucht féachana

"Tháinig ardú anuraidh ar líon na ndaoine a fhéachann ar TG4, an cúigiú bliain as a chéile ar éirigh leis an stáisiún níos mó daoine a mhealladh."

Tá athbheochan na teanga le feiceáil i ngach áit! 💜

tuairisc.ie/ardu-ar-luch...

22.01.2026 12:23 👍 2 🔁 2 💬 0 📌 0
Post image

Tá rudaí móra ag teacht a chairde.. 👀🎉⁠

An bhfuil sibh réidh do #SnaG26 cheana féin? 🤩⁠

Táimid ag obair go dian le cuma na maitheasa a chur ar snag.ie faoi láthair agus beidh ambasdadóirí na féile scaoilte i gceann coicíse! 🥳⁠

Coinnigí súil amach | Keep your eyes peeled! ⁠

#Gaeilge #Irish

21.01.2026 13:02 👍 6 🔁 3 💬 0 📌 0
Post image

Tar éis 9 mbliana iontacha le chéile, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Energia as a dtacaíocht mar theideal-urraitheoir na féile

Táimid anois sa tóir ar urraitheoir nua, agus le hathbheochan faoi lán seoil, ba bhreá linn cloisteáil uaibh!

Seachtain na Gaeilge - bígí linn!

19.12.2025 14:09 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Gabhaigí ár leithscéal a chairde ach bhí orainn an Léacht Staire mar chuid de #TrasnaNadTonnta a chur ar athló go dtí amárach mar gheall ar fhadhbanna teicniúla

Beidh sé ar siúl amárach, Dé hAoine 05/12 ag 11:00 ar Zoom - beidh an nasc Zoom céanna in úsáid againn!

04.12.2025 13:01 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image Post image Post image Post image

Thaistil muid timpeall an domhain inné leis an gComhrá Leanúnach mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍

Ó Chóbanhávan go Corcaigh, ón dTuirc go Baile Átha Cliath agus ó Chathair na nAingeal go Contae Laoise - tá an Ghaeilge bheo bheathach! 💚

Míle buíochas libh go léir!

04.12.2025 11:53 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image Post image Post image

Tá an comhrá leanúnach beo anois ar Youtube mar chuid de #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊🌍

Thosaigh muid sa Nua-Shéalainn le CnaG Aotearoa agus ansin chuaigh muid go Muineachán agus anois tá Togra Mhaigh Eo beo ar an aer!

Bígí ag féachaint orthu ag caint ag www.youtube.com/watch?v=oiZZ...

03.12.2025 11:39 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Bhí slua álainn, idirnáisiúnta agus eolach againn don Cheardlann Logainmneacha mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍

Bígí linn anocht don Cheardlann Liricí Kneecap ag 20:00 - cláraigh anois ar snag.ie/trasna ✨

02.12.2025 15:58 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 1
Post image

Comórtas! 🏆

Físeán nó grianghraf a phostáil ag taisepáint an áit ar an domhan ina bhfuil siad, leis na focail “Nollaig Shona ó (áit/ tír)” á rá (i bhfíseán) nó á scríobh (faoi ghriangraf), agus clibeáil a dhéanamh ar chuntas @SnaGaeilge, @trasnanadtonnta agus haisclib #TrasnaNadTonnta a úsáid 🌍️🌊

29.11.2025 06:53 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

D'imeacht deireanach na seachtaine beidh ceol binn le cloisteáil ó Shiobhán Ní Chróinín, teagascóir ICUF i gCeanada, lena ceardlann amhránaíochta ar an sean nós mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍️

Foghlaim na liricí d'amhrán sean-nóis léi agus bí ag canadh os ard! Dé hAoine ag 23:00 ar Zoom! 💙

28.11.2025 14:59 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0
Post image

Bígí linn ar lá deireanach de #TrasnaNadTonnta 2025 le cluiche beomhar, idirnáisiúnta Biongó Lócó! 🌊🌍️

Bígí ag imirt sa bhaile agus beidh duaiseanna ar luach €300 ar fáil le buachan ar an lá! 🏆️

Cláraigí anois agus cuirigí críoch cheart leis an bhfeachtas - Dé hAoine ag 13:00 ar Zoom!

27.11.2025 15:59 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

An bhfuil tú nua i saol na Gaeilge nó as cleachtadh agus ag iarraidh do chuid Gaeilge a fheabhsú? ☘️

Bígí linn do rang speisialta leis an réalta, Mollie Guidera mar chuid de #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊🌍

Oireann an rang seo is fearr do thosaitheoirí na teanga ach tá sé oscailte do chách ✨

26.11.2025 09:30 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Freastal ar léacht staire stiúrtha ag Briain Ó Conchubhair, léachtóir ag Ollscoil Notre Dame mar chuid de #TrasnaNadTonnta 25! 🌊🌍️

Bígí linn Déardaoin ag 13:00 ar Zoom! Tá go dtí Dé Luain 01 Nollaig le clárú do na himeachtaí - cláraigh anois ar snag.ie/trasna⁠ ☑️

25.11.2025 15:59 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Tóg sos suaimhneach le Nuala Ní Scolláin agus an Cheardlann Aireachais seo 🧘‍♀️🌊

Bígí linn ar Youtube beo @SnaGaeilge ag a 09:00 agus tá an ceardlann seo oiriúnach do fhoghlaimeoirí! 🌍️

Tá go dtí Dé Luain 01 Nollaig le clárú do na himeachtaí #TrasnaNadTonnta - cláraigh anois ar snag.ie/trasna

24.11.2025 16:39 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Foghlaim faoi logainmneacha na hÉireann agus faoin gciall a bhaineann leo leis an gceardlann speisialta seo mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍️

Tá neart staire ina bhfolach sna logainmneacha; déanann siad cur síos ar oidhreacht, dúlra agus tírdhreach ár gceantair!

👉️ snag.ie/trasna

22.11.2025 13:27 👍 1 🔁 1 💬 0 📌 0
Post image

Beidh teachtaireacht speisialta le cloisteáil anseo ar Bluesky ó Mhamaí na Nollag ar an Luain 01/05 ag 18:30 mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🎄🤶

Is do na gasúir is múinte amháin í an teachtaireacht seo agus beidh píosa scéalaíochta le cloisteáil freisin! 📖

21.11.2025 13:03 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Bígí linn chun tús oifigiúil a chur le #TrasnaNadTonnta 2025 lenár seoladh ar líne! 🌊🌍

D'fhéadfá tiúnáil isteach ó áit ar bith ar domhan ar www.youtube.com/@snagaeilge ag 16:30 (UTC+1) Dé Luain, 01 Nollaig 🌐⁠

20.11.2025 15:46 👍 1 🔁 1 💬 0 📌 0
Post image

Táimid ar bís le fógairt Clár na Seachtaine do #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊

👉 snag.ie/trasna

Idir na himeachtaí seo, ciorcal comhrá leanúnach agus comórtais ar líne, beidh go leor deiseanna ag daoine a bheith páirteach san fheachtas! 🤩

#Gaeilge #Irish #Foghlaim #Trasna #Teanga #Idirnáisiúnta

19.11.2025 11:31 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Taimid ag oscailt babhta a 3 den #CisteSpreagtha 2025 do líon treoranta iarrthóirí do imeachtaí idir 25 Samhain - 14 Nollaig 2025! 🎉

Tá suas le €1000 ar fáil d'imeacht agus tá go dtí Déardaoin beag seo ag 11:00 le d'iarratas a chur isteach chugainn ☑️

Tuilleadh eolais agus clárúchán ar snag.ie/cs 🔗

18.11.2025 10:29 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0